top of page

Naíscoil & Gaelscoil Éadain Mhóir
Sár-oideachais i gcroílár an phobail
High Quality Education in the
Heart of the Community
An Chailín Álainn
Tá cailín álainn, a dtug mé grá di
Sí ‘s deise ‘s áille, ná bláth ná rós
Gan í ar láimh liom, is cloíte ‘tá mé
A chailín álainn, is tú fáth mo bhróin
Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Bí ar láimh liom, a mhíle stór
Is abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
Is beidh orm áthas, in áit an bhróin
Nuair a éirím, amach go huaigneach
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
Bím ag smaointeamh, ar a gcailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach is mo bhrón
Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
Arís go brách ní, bheadh ort brón
Sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn an smóilín, san drúcht geal ceo
bottom of page