
Naíscoil & Gaelscoil Éadain Mhóir
Sár-oideachais i gcroílár an phobail
High Quality Education in the
Heart of the Community
Amhrán na Scadán
Nuair a théim a luí san oíche bím ag smaoitiú ar an iasc
Nuair a éirim amach ar maidin bheirim riúid go dtí’n bhinn
Bíonn na héanacha ag cur pléisiúir orm na suí i mbéal na bpoll
‘s an phéist ag an Tor Dhearg ag cur na scadán thar na droim
Bím ag smaoitiú ar an eangaigh ‘s ar an bhád a mbíonn sí ann
Bím ag smaoitiú ar na ramhaí ‘s á mbuillí insa toinn
Bím ag smaoitiú ar an fhearthainn ‘s ar an tréan a bhí sa ghaoth
‘s gach uair de chroch mé’n stiúir uirthi ‘s á teilm ina cionn
Óir is deas an rud na slantracha bheith ag soilsiú ar ár mbróg
‘s go bhfusa dúinn á bplúchadh ‘s go minic nach iad a dhíol
Ach caithimid dhul an canál leo maith nó olc an t-am
San áit a mbeidh luacháir ar an cheannaí romhainn ‘s buidéal dubh den leann.
Nuair a shuím cois na tine bím ag smaoitiú ar an am
A raibh mé féin ‘s mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn
‘s gan idir mé ‘s an tsíoraíocht ach an téadach tána tar
‘s cois na gaoithe ‘s farraige measc éanacha na mbeann
‘s anois atá mé aosta ‘s mé ag éirí lag breoite tinn
Níl mé dúil go brách le biseach fháil go síntear mé sa chill
Bheirim altú do Dhia na Glóire mar chuir mé isteach m-am
Ar chréag i lár na farraige i measc éanacha na dtonn