top of page

An Spailpín Fánach 

Seo an Spailpín fánach ón sliabh anuas
Le coiscéim éadrom lúfar
Ag ceiliúr ‘s ag ceol agus draíocht ina ghlór
Agus mheall sé an ógbhean uasal

Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah dí dé dí

D’fhág sise teach a hathar féin
D’fhág sise gaolta ‘s cairde
Thréig sise ‘n fear a bhí luaite léi
Agus lean sí an Spailpín fánach

Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah dí dé dí

Ghluais a hathair sa tóir ‘na ndiaidh
Trasna sléibhte is bánta
Ag iarraidh tuairisc’ fána níon
Is an Spailpín béalbhinn fánach

Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah dí dé dí

Tháinig sé ‘r ball go dtí caisleán mór
B’ann a fuair sé ‘n lánúin
Is bhí togha gach bia agus rogha gach dí
Ag an níon ‘s ag an Spailpín fánach

Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah dí dé dí

“Ní spailpín é,” a athair, ar sí
“Ach tiarna óg na háite
Go dté mé i gcré ní scarfaidh mé
Leis an Spailpín béalbhinn fánach.”

Ah dí dú, ah, dí dú dah dé
Ah dí dú, ah dí dé dí

bottom of page