top of page

Naíscoil & Gaelscoil Éadain Mhóir
Sár-oideachais i gcroílár an phobail
High Quality Education in the
Heart of the Community
Buachaill ón Éirne
Buachaill ón Éirne mé’s bhréagfainn féin cailín deas óg;
Ní iarrfainn bó spré léithe tá mé féin saibhir go leor,
‘S liom Corcaigh’ á mhéid é, dhá thaobh a’ ghleanna ‘s Tír Eoghain;
‘S mur n-athraí mé béasaí ‘s mé n’ t-oidhr’ ar Chontae Mhaigh Eo.
Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt ‘s ag ‘ol ‘s le hógmhná deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stór ní dó’ gur chaill mé mo chiall,
A’s ní mó liom do phóg ná’n bhróg atá’r caitheamh le bliain.
A chuisle ‘s a stór ná pós an seanduine liath
Ach pós a’ fear óg, mo leo, mur’ maire sé ach bliain
Nó beidh tú go fóill gan ó nó mac os do chionn
A shílfeadh a’n deor tráthnóna nó’r maidin go trom.
bottom of page