top of page

Bó na Leathadhairce

Thíos cois na toinne sea beathaíodh mo chaora
Ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hAoine
Mac deartháir athar liom ‘chuir le triall í
Easpa tobac a bhí ar a’ gcladhaire

Curfá

Bó bó bó na leathadhairce
Bó bó a’ tseanachaor’ adharcach
Bó bó bó na leathadhairce
Bó droimeann dearg ‘s ní fheadar cá bhfaighinn í

B’fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora
A’ teacht ‘un a’ dorais ar maidin nó ‘stoíche
Thálfadh sí bainne dom, bheathódh sí uan dom
Chuirfeadh sí seaicidín deas ar mo ghualainn

Curfá

Dá mbeinnse i rachmas i ngradam ‘s in oidhreacht
Thabharfainnse gine ara n tseanachaor’ adharcach
Ó nár dheas í, ó nár mheidhreach
Ó nár dheas í an tseanachaor’ adharcach

Curfá

bottom of page