top of page

Mo Chailín Rua 

Dá mbeinnse i mbliana mar bhí mé anuraidh
Toigh beag ‘bheith agam i gcois an chuain
Chuirfinn mo bhád amach ar a’ tSionainn
Agus bhéarfainn abhaile liom mo chailín rua.

Curfá:
Thug mé liom í ó bhaile go baile
Fríd Bhaile ‘Cliath ‘un na geaftaí crua
Chan fhuil aon mhíle ó d’fhág mé an baile
Nach dtug mé deoch leanna do mo chailín rua.

Bhí ceann gruaige léi síos go talamh
‘Gus barra na finne go dtug sí léi
Ba mhéanar don fhear óg a gheobhadh í le mealladh
Rogha na gcailíní mo chailín rua.

Curfá

Dá mbeinn chomh saibhir is a bhí mé anuraidh
Thógainn toigh mór ar an chnoc údaí thall
Fíon agus ór ‘siad a bhéarfainn do mo stór
Is bheinn a’ gabháil ceoil le mo chailín rua.

Curfá

bottom of page