top of page

Níl sé ‘na Lá 

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
A’s d’iarr mé cart ar bhean a’ leanna.
Is é dúirt sí liom “Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar a’s gabh ‘n a’ bhaile.”

Curfá:
Níl sé ‘na lá, níl a ghrá,
Níl sé ‘na lá, ná baol ar maidin,
Níl sé ‘na lá ‘s ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé féin mo lámh i mo phóc’
Is d’iarr mé briseadh coróin uirthi.
‘s é dúirt sí liom “Buail a’ bord
A’s bí ag ól anseo go maidin.”

Curfá:

“Éirigh ‘ do shuí, a fhir a’ tí,
Cuir ort do bhrístí a’s do hata
Go gcoinní tú ceol leis a’ duine chóir
A bheas ag ól anseo go maidin.”

Curfá:

Nach mise féin an fear gan chéill
A d’fhág mo chíos in mo scornaigh
D’fhág mé léan orm féin
Is d’fhág mé séan ar dhaoine eile.

bottom of page