top of page

Naíscoil & Gaelscoil Éadain Mhóir
Sár-oideachais i gcroílár an phobail
High Quality Education in the
Heart of the Community
Nóra Bheag
“A Nóra bheag, cá raibh tú ‘réir?”
‘Sé dúirt mo mhamaí liomsa
“I gcúl a’ tí ag tobar an uisce
‘Foghlaim coiscéim damhsa”
Curfa:
‘Gus íomba Nóra, Nóra, Nóra
‘Gus íomba ‘s tú mo ghrá geal
‘Gus íomba Nóra is tú mo stóirín
Tá mise dúnta i ngrá leat
B’aite le Nóra pís agus pónair’
B’aite le Nóra brandy
B’aite le Nóra prátaí rósta
Is d’íosfadh Nóra an t-im leo
Curfa
Dá mbíodh agam ciste, níl ach tuistiún
Chuirfinn ort gúna álainn
Bhéarfainn fuiscí, tae agus brioscaí
‘S bheinn ag gabháil cheoil go lá leat
Curfa
” ‘S a Nóra bheag cá raibh tú ‘réir?”
“Bhí mé ‘ gcúl a’ gharraí”
“Cé bhí agat féin ansin?”
“A’ píobaire beag ‘s a mhálaí”
bottom of page