top of page

Peigín Leitir Móir

Is ó goirm goirm í,
Agus goirm í, mo stór;
Míle grá le m’anam í
‘Sí Peigín Leitir Móir!

Tá Bríd agam ‘s tá Cáit agam
‘Sí Peig an bhean is fearr;
Cibé fear a gheobhas í,
Nach air a bhéas an t-ádh.

Curfá

Chuir mé scéala siar chuici
Go gceannóinn di bád mór;
‘Sé ‘n scéal a chuir sí aníar chugham
go ndéanfadh leathbhád seoil.

Curfá

Tá iascairí na Gaillimhe
Ag teacht anoir le cóir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicidís an tseoid.

Curfá

Éirigh suas a Pheigín
‘S seas ar bharr an aird
Comhairigh do chuid bullán
Agus féach a bhfuil siad ann

Curfá

bottom of page